Settings
Light Theme
Dark Theme
Podcast Cover

Bláth na dTulach

  • Nanette le Daithí Ó Muirí

    31 JAN 2024 · Fáthscéal mistéireach é seo a thugann ábhar machnaimh don léitheoir. Sa scéal seo, tugann Ó Muirí guth de chuid d'imní na haoise tríd a charachtair dhiamhaire dothomhaiste; ag cruthú atmaisféir theann tharraingteach lena chuid próis. Léite anseo ag an chraoltóir Dáithí Ó Muirí.
    42m 37s
  • Banríon an Dóchais le Seán Ó Muireagáin

    1 JAN 2024 · Cothaíonn beirt fhear cairdeas úr eatarthu féin agus iad ag dul siar in aois, cé gur ó chúlraí éagsúla iad. Déanann siad pleananna móra le chéile ach caidé mar a éiríodh leis na pleananna sin... Scéal éadrom le Seán Ó Muireagáin, á léamh anseo ag Dónall Mac Giolla Chóill, le comhrá bríomhar ina dhiaidh le Réaltán Ní Leannáin. https://blath-na-dtulach.com/banrion-an-dochais/
    48m 50s
  • Ar Deoraíocht

    2 DEC 2023 · Scéal croíúil Nollag é seo a thagann chugainn tríd shúile chailín óig a bhfuil a saol athruithe go hiomlán ag eachtraí nach bhfuil aon smacht aici féin orthu. Lán de spiorad na Nollag, tógfaidh an scéal beag seo do chroí. Scéal le Síle Uí Ghallchóir, léite anseo ag Caoimhe Nic Lochlainn.
    16m 20s
  • Éan le Dubhán Ó Longáin

    31 OCT 2023 · Scéal scéiniúil é seo le Dubhán Ó Longáin a phléann le roinnt ábhair agus ceisteanna deacra an lae inniu. Scéal é a bhaineann le hoibseisiúin mhífholláine, leis an mheabhairghalar agus leis an dóigh a dtig le scéal a dhul in olcas go gasta mar gheall ar mhíthuiscintí agus paranóia. Arna léamh anseo ag Caoimhe Ní Chathail le comhrá le Réaltán Ní Leannáin ina dhiaidh.
    34m 10s
  • An Bhearna le hEoghan Mac Giolla Bhríde

    11 OCT 2023 · Déanann athair iarrachtaí naisc a chruthú lena mhac agus é a ghríosú chun oibre. Ach sna hiarrachtaí sin nochtar bearnaí idir na glúnta, áit a gcailleann focail a mbríonna le ham agus áit nach dtuigeann an t-óg an aosta. Scéal coscrach, le cur síos íostach réalaíoch. Léite anseo ag Fionntán de Brún.
    34m 17s
  • Imram le Róise Ní Bhaoill

    1 SEP 2023 · Tugann teagmháil theagmhasach le strainséir nach raibh sí ag dréim leis i mbusáras i dtír choimhthíoch ar an scéalaí í féin a cheistiú go domhain nuair a chluineann sí scéal ó bhéal duine nach bhfuil leath chomh hádhúil léi féin. Scéal láidir a théann i bhfeidhm ar an léitheoir mar an gcéanna leis an scéalaí, á léamh anseo ag Caoimhe Ní Chonchoille.
    40m 54s
  • Oileánach le Sam Ó Fearraigh

    1 AUG 2023 · Scéal corraitheach é seo a ardaíonn ceisteanna agus a ghearrann go domhain isteach i ngnóthaí na sochaí comhaimseartha i gcomhthéacs phobail bhig oileánach. Tá an scéal á léamh anseo go tuisceanach ag Milène Fegan
    34m 1s
  • Ní Tharlóidh Sé Arís le Seán Mac Gintidh

    1 JUL 2023 · Ní gnáthchás a bhíonn roimh na gardaí óga seo nuair a ghlaoitear amach orthu go teach Uí Chearbhaill mall san oíche. Ní cheiltear aon fhírinne sa scéal seo ach léirítear ann chomh caolchúiseach agus a bhíonn sé go minic. Scéal léirsteanach arna léamh anseo ag an léachtóir ildánach Seán Mac Corraidh.
    31m 56s
  • Mo Dheirfiúr Maja le Celia de Fréine

    31 MAY 2023 · Tiontaítear saol an scéalaí bunoscionn ag cogaí agus ag bás i gcathair atá tarraingthe as a chéile ag reibiliúnacha sa scéal diostóipeach seo. Ach is é an ceangal deireanach lena teaghlach a thugann dóchas di agus an fáth go leanann sí uirthi ag cuartú fríd an smionagar. Scéal cumhachtach le Celia de Fréine, léite go paiseanta ag Áine Ní Dhíoraí.
    38m 19s
  • Beidh a Cuid Féin ag an Fharraige le Máirín Jimí uí Fhearraigh

    2 MAY 2023 · Eachtra thragóideach a chur deireadh le modh iomlán maireachtála do phobal oileánda ar chósta iarthuaiscirt Dhún an nGall a bhfuil a lorg le feiceáil go fóill ar na daoine. Éist le scéal Mháirín Uí Fhearraigh fá iascairí Ghabhla á léamh anseo ag Dónall Ó Cnáimhsí.
    19m 4s

Léann aíonna speisialta gearrscéalta ón díolaim gearrscéalta Gaeilge Bláth na dTulach sa phodchraoladh liteartha seo atá curtha i láthair ag Réaltán Ní Leannáin. Gach mí léitear scéal úr ón díolaim...

show more
Léann aíonna speisialta gearrscéalta ón díolaim gearrscéalta Gaeilge Bláth na dTulach sa phodchraoladh liteartha seo atá curtha i láthair ag Réaltán Ní Leannáin. Gach mí léitear scéal úr ón díolaim agus bíonn comhrá ag Réaltán leis na haíonna faoin scéal agus fúthu féin.
Tá gearrscéalta sa díolaim Bláth na dTulach ó 28 scríbhneoir, idir óg is aosta, as gach cearn de Chúige Uladh.

Podchraoladh taifeadta i Stiúideo Cuisle Ceoil in Aonad Naomh Pádraig, Dobhar, Gaoth Dobhair.

Buíochas le Mícheál Ó Dochartaigh.

Ceol le Ketsa
© Ketsa 2021


An Irish language podcast featuring a different short story read by a native Irish language speaker in each episode followed by a short discussion with the editor of the book Bláth na dTulach.
show less
Contacts
Information

Looks like you don't have any active episode

Browse Spreaker Catalogue to discover great new content

Current

Looks like you don't have any episodes in your queue

Browse Spreaker Catalogue to discover great new content

Next Up

Episode Cover Episode Cover

It's so quiet here...

Time to discover new episodes!

Discover
Your Library
Search